An Scrúdú Béil

عدد الخيارات في هذه العجلة: 29

  • Inis dom faoin scoil áirithe seo.
  • Ar thaitin an taithí sa scoil seo leat?
  • Cad a dhéanann tú chun do scíth a ligean?
  • Cad a dhéanfaidh tú ag an deireadh seachtaine seo chugainn?
  • Cad a dhéanfá mura bhfaighfeá na pointí don chúrsa a theastaíonn uait?
  • Cad a dhéanfaidh tú nuair a bheidh tú críochnaithe leis an Ardteist?
  • Cad a rinne tú ar Lá Fhéile Pádraig?
  • An raibh tú riamh sa Ghaeltacht?
  • Ar thaitin cúrsa na Gaeilge leat?
  • An úsáideann tú teicneolaíocht go minic?
  • Cad a cheapann tú faoi na háiseanna atá ar fáil i Sligeach do dhaoine óga?
  • An maith leat ceol?
  • Cad a rinne tú chun do lá breithe a cheiliúradh?
  • Cad a dhéanfá mura bhfaighfeá na pointí chun cúrsa a dhéanamh?
  • An mbíonn tú ag léamh go minic?
  • Inis dom faoi na hábhair scoile atá á ndéanamh agat don Ardteist?
  • Cén saghas rialacha atá i bhfeidhm sa scoil seo?
  • Inis dom faoi do chlann.
  • Cén sórt áite í d'áit chónaithe?
  • An rachaidh tú thar lear tar éis na hArdteiste?
  • Cad a dhéanfaidh tú i mí Dheireadh Fómhair?
  • An réitíonn tú go maith de ghnáth le do chlann?
  • An bhfuil post páirtaimseartha agat faoi láthair?
  • Inis dom faoin éide scoile atá á gcaitheamh anseo.
  • An bhfuil mórán le déanamh ag daoine óga i Sligeach?
  • An dóigh leat go bhfuil móran fadhbanna sóisialta i Sligeach/ CDR/ CnM?
  • Ar mhaith leat a bheith i do mhúinteoir?
  • Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do phríomhoide scoile?
  • An bhfuil cinnirí sa scoil seo?